Dear Principal,

 

This is to let you know that the National Council for Curriculum and Assessment (NCCA) has posted details on its website here of revised arrangements for the completion of Classroom Based Assessments (CBAs) for the cohort of students currently coming to the end of their 2nd Year (2019/20). These revised arrangements are on foot of the disruption to their learning caused for these students by the Covid-19 pandemic and the desire to avoid an excessive assessment burden in 2020/21.  A summary of the revised arrangements include:

 

1.       Extension of the deadline for completion of CBA 1s into the first term of the school year 2020/21, while also allowing for the possibility that some teachers and schools may wish to, and be able to, complete them before the end of the current term.

 

2.       Removal of the requirement for students currently in second year of Junior Cycle to complete two CBAs in each subject, to a requirement to complete just one CBA in each subject. Students will be required to complete an Assessment Task in respect of whatever CBA they complete.

 

3.       The school management and its teachers, in discussion where feasible with students, will choose the one CBA to complete for each subject. However, there will be some exceptions to this choice:

–          To ensure assessment of oral communications skills, students must complete CBA 2: Communicative Task in Irish, and CBA 1: Oral Communication in Modern Foreign Languages.

–          As they are linked in each case with the final examination in the subject, students studying Visual Art, Home Economics, and Music must complete CBA 2.

 

These arrangements will also be set out in the Junior Cycle circular for 2020/21 which will be published during the summer.

 

It would be appreciated if this information could be brought to the attention of the cohort of your students in question using the school’s usual communications channels.

 

 

 

Sraithe Sóisearach – Na socruithe athbhreithnithe chun Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích le haghaidh scoláirí atá sa dara bliain i 2019/2020

 

A Phríomhoide, a Chara,

 

Tá an ríomhphost seo á sheoladh chugat chun na socruithe athbhreithnithe chun Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích le haghaidh scoláirí atá sa dara bliain i 2019/2020. Tá na sonraí folisithe ag An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar a suíomh greasáin anseo. Tá na socruithe athbhreithnithe seo mar gheall ar an gcur isteach ar a gcuid foghlama a rinne paindéim Covid-19 ar na daltaí seo agus an fonn ualach measúnaithe iomarcach a sheachaint i 2020/21. Áirítear le hachoimre ar na socruithe athbhreithnithe:

 

1.       Tá na spriocdhátaí reatha do scoláirí dara bliain (sa bhliain acadúil 2019/20) chun na Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích leathnaithe isteach go dtí an chéad téarma de scoilbhliain 2020/21, agus ag an am céanna, ag ligean don fhéidearthacht gur mhaith le roinnt múinteoirí agus scoileanna iad a chríochnú roimh dheireadh an téarma reatha, agus a bheith in ann iad a chríochnú.

 

2.       Athraíodh an riachtanas a bhaineann le cur i gcrích na Measúnuithe Rangbhunaithe don chohórt scoláirí seo. Sna himthosca eisceachtúla atá i réim, ní bheidh ach Measúnú Rangbhunaithe amháin le cur i gcrích ag gach scoláire i ngach ábhar agus gearrchúrsa atá ar bun aige, seachas an dá cheann a bhíonn le déanamh de ghnáth i ngach ábhar. Iarrfar fós ar scoláirí Tasc Measúnaithe a bhaineann leis cibé Measúnuithe Rangbhunaithe a chomhlánaíonn siad.

 

 

3.       Roghnóidh bainistíocht agus múinteoirí na scoile, agus iad ag plé na ceiste leis na scoláirí nuair is féidir é, an Measúnú Rangbhunaithe amháin a bheidh le cur i gcrích le haghaidh gach ábhair. Mar sin féin, beidh roinnt eisceachtaí ag baint leis an rogha sin:

 

a.       Chun a chinntiú go ndéanfar measúnú ar scileanna cumarsáide ó bhéal, ní mór do na scoláirí Measúnú Rangbhunaithe 2: Tasc Cumarsáideach sa Ghaeilge agus Measúnú Rangbhunaithe 1: Cumarsáid ó Bhéal sna Nuatheangacha Iasachta a chur i gcrích.

 

b.      Toisc go bhfuil siad ceangailte i ngach cás leis an scrúdú deiridh san ábhar, ní mór do na scoláirí atá i mbun staidéir ar Amharc-ealaín, Eacnamaíocht Bhaile, agus Ceol Measúnú Rangbhunaithe 2 a dhéanamh.

 

Leagfar amach na socruithe seo freisin i gciorclán na Sraithe Sóisearaí do 2020/21 a fhoilseofar i rith an tsamhraidh.

 

Bheimis buíoch dá bhféadfaí an fhaisnéis seo a chur in iúl do chohórt do daltaí atá i gceist, trí bhealaí cumarsáide rialta na scoile.

 

 

An tAonad Polasaí Curaclaim agus Measúnaithe

Curriculum and Assessment Policy Unit

__

An Roinn Oideachais agus Scileanna

Department of Education and Skills

 

Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath, D01 RC96.

Marlborough Street, Dublin, D01 RC96.

cid:image001.png@01D59A10.9FD97300